Thursday, February 7, 2019

Rang a 4 ag Camógaíocht

Foireann Camógaíochta Scoil Padre Pio
Bhí ár bhfoireann camógaíochta go hiontach agus iad ag iomáint i mblitzchomórtas camógaíochta fé dhíon a bhí ar siúl i dTeampall Geal. Dheineadar obair na gcapall sna cluichí agus táimid an-bhrodúil astu ar scoil.

Well done to the 4th class camogie team that represented Scoil Padre Pio excellently in their indoor hurling blitz. The girls worked incredibly hard and we are very proud of the girls and their efforts!

Gabhaimíd ár mbuíochas do Evonne Moore agus Máistir Ó Nia as an dtacaíocht, stiúir is oiliúint a dheinid ar son camógaíochta ar scoil.

Scoil Padre Pio abú!

Rang a 4 ag Iomáint!


Iománaithe Scoil Padre Pio ó rang a 4


Ár gceol sibh dos na buachaillí a ghlac páirt i gcomórtas iomána i gCLG Uinsinn Naofa inné. Bhíodar nótáilte amach is amach nuair a bhí na cluichí ar siúl, dheineadar a ndícheall agus bhí a n-iompar ar fheabhas i rith an lae!

Well done to the boys from 4th class who participated in the 4th class hurling blitz in St.Vincent's GAA yesterday. The boys' efforts were excellent, they performed fantastically well and their behaviour was exemplary throughout the day!

Míle buíochas do James Smith agus Maistir Ó Nia don oiliúint, stiúir is comhairle ar an lá!

Níl aon teora libhse a bhuachaillí!